Tá an-éileamh ar an leabhar dátheangach nua, An Chomaoineach Naofa agus Seirbhísí Eile de chuid Eaglais na hÉireann. Agus ní h-aon ionadh é agus an méadú atá le sonrú i líon na seirbhísí Gaeilge, nó dátheangach, fud fad na tíre – go háirithe i gcomhair Lá Fhéile Pádraig.
Beidh neart seirbhísí ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh seirbhís anseo i gCo. Chorcaí i dTeampall Naomh Muire, Carraigh Uí Leighin, ar an Satharn, 16ú Márta ag 7.30 pm.
Tá An Chomaoineach Naofa agus Seirbhísí Eile de chuid Eaglais na hÉireann ar fáil ó Columba Press agus tá Cumann Gaelach na hEaglaise anseo chun cabhrú libh chomh maith.
Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil: 085 1632 772
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh http://www.facebook.com/Gaeleaglais